Riachtanais Iontrála chuig na SA
Ba mhaith le hOifig na bPas a mheabhrú do shealbhóirí pas a bhfuil sé ar intinn acu cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe go gcaithfidh siad le héifeacht ón 16 Meitheamh 2005 pas atá inléite ag meaisín a bheith acu chun leas a bhaint as Clár Tarscaoilte Víosa na Stát Aontaithe. Mura mbeidh sé sin acu beidh orthu víosa a fháil, roimh ré, ón Misean Taidhleoireachta nó Consalachta is gaire dóibh.
Caithfidh pas atá inléite ag meaisín a bheith ag leanaí, lena n-áirítear naíonáin, atá formhuinithe ar phas a dtuismitheoirí, é sin nó caithfidh siad víosa a fháil ar phas a dtuismitheora.
Faoi Chlár Tarscaoilte Víosa na SA, féadfaidh sealbhóirí pas as 27 tír, lena n-áirítear Éire, dul isteach sna S.A. gan víosa agus taisteal chun críche gnó ar feadh uastréimhse 90 lá.
Is éard is pas atá inléite ag meaisín ná pas ar a bhfuil sonraí an tsealbhóra priontáilte ar an leathanach sonraí ar a bhfuil grianghraf den sealbhóir freisin. Ní hionann pas atá inléite ag meaisín agus pas a bhfuil sonraí an tsealbhóra lámhscríofa air.


