SAOIRE IAR-ARDTEISTIMÉIREACHTA

Tá sé riachtanach pleanáil mhaith a dhéanamh roimh aon laethanta saoire, go háirithe más rud é gurb é do chéad turas thar lear leat féin.

Gach bliain, téann na mílte daltaí thar lear chun torthaí a scrúduithe a cheiliúradh, agus go dtí seo, tá méadú tagtha ar theagmhais a bhaineann le goid, gortú, tinneas agus bás.  Chun a chinntiú go mbeidh saoire thaitneamhach agat mar atá tuillte agat i ndiaidh do scrúduithe, molaimid duit na leideanna seo a leanas a léamh:

FAIGH ÁRACHAS TAISTIL

Moltar go tréan duit árachas taistil cuimsitheach a fháil, lena n-áirítear árachas leighis, chun íoc as cóireáil leighis, timpistí agus caillteanais neamhbheartaithe cosúil le heitiltí cealaithe nó airgead tirim, cártaí, pasanna nó bagáiste goidte. Cuir go leor cumhdaigh san áireamh le híoc as an gcostas breise a bheadh i gceist le taisteal abhaile (d'fhéadfadh otharcharr aeir a bheith ag teastáil) i gcás éigeandála. Má tá cumhdach leighis príobháideach agat cheana féin, labhair le d'árachóir chun a fháil amach an bhfuil tú cumhdaithe le haghaidh taistil thar lear agus, má tá, conas leas a bhaint as an gcumhdach sin. 

Ba chóir duit a bheith ar an eolas nach gcuirfidh an Roinn Gnóthaí Eachtracha airgead ar fáil d'aistíriú leighis éigeandála nó d'aistíriú taisí.  Mura bhfaigheann tú árachas taistil sula n-imíonn tú agus má éiríonn tú tinn, má ghortaítear thú nó má fhaigheann tú bás thar lear, beidh costas agus cruatan suntasach i gceist do do theaghlach.

Má tá tú chun taisteal chuig Ballstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh, ba chóir duit Cárta Árachas Sláinte Eorpach (EHIC) a fháil saor in aisce a thugann teidlíocht chun cóireála leighis éigeandála duit. NÍ thógann an cárta seo áit an árachais taistil. Féach www.ehic.ie le haghaidh tuilleadh sonraí. Cuirtear an EHIC in áit na Foirme E111 nach bhfuil bailí níos mó.

COINNIGH DO PHAS SLÁN

Gach aon bhliain, bíonn fadhbanna ag an lucht saoire iar-Ardteistiméireachta toisc go gcailleann siad a bpasanna nó toisc go ngoidtear iad.   Is féidir cáipéisí taistil athchuir a fháil ag an Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit. Mar sin féin, cuireann sé sin le costas do thurais agus d'fhéadfadh sé moill agus míchaoithiúlacht shuntasach a chur ort.  Coinnigh do phas slán i gcónaí agus déan iarracht gan é a iompar go poiblí.  Tabhair aitheantas grianghraif eile leat, cosúil le ceadúnas tiomána.  Moltar duit freisin fótachóip de leathanach aitheantais do phas a choinneáil in áit shlán ar eagla go mbeidh ort pas athchuir a iarraidh.

COINNIGH DO CHUID AIRGID SLÁN

Ar an drochuair, gach uile bhliain cailltear nó goidtear airgead daltaí a bhíonn ag ceiliúradh thar lear.  Is féidir é sin a sheachaint má chuireann tú roinnt réamhchúraimí gnáthstuaime i bhfeidhm.  Tabhair meascán d'airgead tirim, seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa leat, agus ná coinnigh d'airgead uile in áit amháin.  Má tá taisceadán i do sheomra óstáin nó i d'árasán, bain úsáid as.   Ná hiompar d'airgead uile leat ag an am céanna.  Má tharlaíonn sé nach bhfuil aon airgead agat, déan teagmháil le do theaghlach láithreach.  Is féidir leo airgead a chur leat trí Western Union, a bhfuil asraonta aige ar fud an domhain. 

BÍ CÚRAMACH LE hALCÓL

Nuair atá alcól á ól agat, bíodh do theorainn alcóil féin ar eolas agat.  Tá sé níos dóchúla go mbeidh tionóisc agat agus tú ólta, agus ní dóchúil go mbeidh tú faoi chumhdach do pholasaí árachais.  Ná hól agus tiomáin, agus ná bain úsáid as gluaisrothar nó mótar-scútair má tá tú faoi thionchar an alcóil. 

SEACHAIN DRUGAÍ

Féadann úsáid drugaí bás a chúiseamh, agus sin a tharlaíonn uaireanta.  Má cheannaíonn tú drugaí nó má tá siad i do sheilbh agat, d'fhéadfá a bheith gafa nó curtha i bpríosún.  Uaireanta gearrtar pionóis níos measa as cionta dá leithéid thar lear ná mar a ghearrtar in Éirinn.  

SÁBHÁILTEACHT UISCE

Ná téigh ag snámh i ndiaidh duit alcól a ól nó bia a ithe.  Ná téigh ag snámh nó ag tonnmharcaíocht i limistéir gan ghardaí tarrthála.  Cloígh leis na gnáthrialacha sábháilteachta a bhíonn i bhfeidhm in aon linn snámha a rialaítear i gceart e.g. na bí ag rith, ná déan tumadh i ndiaidh reatha, ná b i ag meadráil etc.  Tá treoirlínte breise maidir le sábháilteacht uisce thar lear ag an gComhlachas Snámha agus Tarrthála.

GLUAISROTHAIR, MÓTAR-SCÚTAIR & CUADROTHAIR A FHÁIL AR CÍOS THAR LEAR

Tá tionóiscí gluaisrothair, mótar-scútair agus cuadrothair comónta gach aon bhliain agus is minic a chúisíonn siad gortú tromhchúiseach agus bás.  Má shocraíonn tú feithicil dá leithéid a fháil ar cíos thar lear, moltar duit na réamhchúraimí céanna a chur i bhfeidhm agus a chuirfeá i bhfeidhm sa bhaile.  Áirítear orthu sin clogad a chaitheamh, cloí le teorainneacha luais agus gan tiomáint faoi thionchar an alcóil. Bí ar an eolas, mura gcaitheann tú clogad nó mura bhfuil an ceadúnas tiomána riachtanach agat, d'fhéadfadh d'árachas a bheith neamhbhailí má tharlaíonn tionóisc. Is dóchúil go mbeidh d'árachas neamhbhailí freisin má thiománann tú faoi thionchar an alcóil nó drugaí.

BÍ AR d'AIRDEALL

Cuir na réamhchúraimí céanna i bhfeidhm agus a chuirfeá i bhfeidhm sa bhaile.  Bí ar an eolas faoi céard atá ar siúl timpeall ort agus fan amach ó áiteanna ina bhfuil tú míchompordach.  Seachain áiteanna 'dainséaracha', go háirithe i ndiaidh thitim na hoíche.  Ná glac le síobanna ó strainséirí.  Ná siúil leat féin i ndiaidh dó éirí dorcha; déan iarracht taisteal i ngrúpaí más féidir.  Bí ar d'airdeall faoi dhrugaí - úsáideadh iad i gcásanna éignithe. 

BÍODH NA DLÍTHE ÁITIÚLA AR EOLAS AGAT

Bíodh meas agat ar dhlíthe agus gnásanna áitiúla, ná hól an iomarca alcóil agus seachain áiteanna dainséaracha.  Cé go gcuirfidh ár nAmbasáidí agus ár gConsalachtaí a mhéid cúnaimh is féidir ar fáil duit má ghabhtar thú, ní féidir leo tú a scaoileadh ón bpríosún nó cabhrú leat triail a sheachaint.

CUIR SCÉALA CHUGAINN

Coinnigh do theaghlach ar an eolas faoin áit ina bhfuil tú agus faoi do phleananna taistil.  Tabhair guthán soghluaiste a oibríonn thar lear leat ionas go mbeifí in ann dul i dteagmháil leat i gcás éigeandála nó géarchéime.  Mura bhfuil cuntas ríomhphoist agat cheana féin, faigh ceann.  Tá a lán cuntais ríomhphoist gréasán-bhunaithe, cosúil le Yahoo!, G-mail agus Hotmail saor in aisce, agus is bealach éasca saor é scéala a chur chuig do theaghlach agus do chairde.  Ná déan dearmad go bhféadfadh do theaghlach agus do chairde a bheith buartha fút gan chúis mura ndéanann tú teagmháil rialta leo.

SONRAÍ TEAGMHÁLA NA MISEAN ÉIREANNACH THAR LEAR

Tá Misin ar fud an domhain ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha a chuireann seirbhísí consalachta ar fáil do shaoránaigh Éireannacha.  Tá sonraí teagmhála na nAmbasáidí agus na gConsalachtaí Éireannacha uile thar lear le fáil anseo.  Breac síos eolas faoin Ambasáid nó Consalacht is gaire do d'ionad saoire sula dtéann tú thar lear.

Barr

Nithe Gaolmhara

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr