AN tAIRE STÁIT A BHFUIL FREAGRACHT FAOI LEITH AIR MAIDIR LE GNÓTHAÍ EORPACHA

Video

Slí bheatha:
Ionadaí lánaimseartha Poiblí agus Iar-léachtóir Ollscoile le Riaracháin Poiblí, Airgeadas Poiblí agus Institiúidí agus Beartais an Aontais Eorpaigh. 

Tá Dick Roche ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus ina Aire Stát sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus tá freagracht faoi leith air maidir le Gnóthaí Eorpacha.  Bhí sé ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eachtracha ó 2002 go Meán Fómhair 2004 agus ina Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ó 2004 go 2007. 

Toghadh Dick don Dáil den chéad uair i 1987. Atoghadh é i 1989, 1997, 2002 agus 2007.

Bhí sé ina sheanadóir i Seanad Éireann ar ainmniúchán an Taoisigh ó Shamhain 1992 go Feabhra 1993.  Toghadh don Seanad é ar an Rolla Riaracháin i 1993.

Nuair a toghadh don Dáil é bhí Dick ina Chathaoirleach ar Chomhchoiste an Oireachtais um an Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí 1997–2002 agus ina Chathaoirleacht ar Chomhchoiste an Oireachtais ar Chomhlachtaí Stát-tionscanta 1989–1992.   Bhí Dick ina bhall de roinnt Comhchoistí eile an Oireachtais lena n-áirítear Comhchoiste an Oireachtais um Fhiontair Phoiblí agus an Coiste Dála um Nós Imeachta agus Pribhléidí. 

Toghadh Dick mar Choimisinéir do Bhaile na Clocha Liatha i 1984 agus bhí sé ina bhall den Choimisiún ó 1984 go dtí gur ceapadh é ina Aire Stáit i 2002.  Cathaoirleach an Choimisiúin 1996–1997. Toghadh é mar bhall de Chomhairle Contae Chill Mhantáin i 1985 agus bhí sé ar an gComhairle go dtí 2002.  É ina chomhalta boird de Bhord Sláinte an Oirthir 1988–1997, ina bhall de Bhord Ospidéal na Mí 1989–1997, Iar-bhall de Choimisiún na hÉireann um Cheart agus Síocháin (Cathaoirleach 1985 - 1986), an Foras Riaracháin, Institiúid Idirnáisiúnta Ombudsman, Cumann na gCéimithe i Riarachán Poiblí agus Comhairle na hÉireann den Ghluaiseacht Eorpach.

Dámhadh Comhaltacht Chearta an Duine na Náisiúin Aontaithe  ar Dick i 1978.  Is iomaí alt atá scríofa aige faoi riarachán poiblí in Éirinn.  Dámhadh an Order of Merit agus an Bonn Eustonian air Dick. 

Oideachas:
Scoil na mBráithre, Loch Garman, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (BComm, DPA, MPA).

Faisnéis Phearsanta:
Rugadh: i Loch Garman, Márta 1947.
Teaghlach: Pósta le Eleanor Griffin agus 3 mac agus iníon amháin acu.
Seoladh Baile: 2 Ardán Herbert, Bóthar Herbert, Bré, Co. Chill Mhantáin. 
Seoladh Gnó: Roinn an Taoisigh, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
                              Teil 01 619 4399 Facs 01 619 4476 ríomhphost dick.roche@oireachtas.ie
                              An Roinn Gnóthaí Eachtracha, 89 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2.
                              Teil 01 4781063 Facs 01 4784780 ríomhphostdick.roche@oireachtas.ie
Oifig Dháilcheantair: 2 Ardán Herbert, Bóthar Herbert, Bré, Co. Chill Mhantáin.
                               Teil 01 2863211 Facs 01 286 7666 ríomhphost dick.roche@oireachtas.ie

Láithreán gréasáin www.dickroche.com

Seol ríomhphost chuig an Aire Stáit Roche 

Barr

Nithe Gaolmhara

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr
Iveagh House, 79-80 St. Stephen's Green, Dublin 2 Phone: + 353 1 4082000 Fax: + 353 1 4781063