Seirbhísí don Phobal

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus a hOifigí, lena n-áirítear a hAmbasáidí agus a Consalachtaí Thar Lear, tiomanta do sheirbhís den scoth chur ar fáil don phobal go léir.
Tugann na leathanaigh sa chuid seo dár láithreán gréasáin, mar atá liostaithe sa bharra nascleanúna ar clé, sonraí de na seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal. Tá sonraí teagmhála do na hAmbasáidí agus na hOifigí Éireannacha thar lear le fáil anseo.
Tá mionchur síos ar na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn, agus na caighdeáin seachadta ar féidir leis an bpobal a bheith ag súil leo i leith na seirbhísí sin, i gCairt Chustaiméara na Roinne agus ina Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí chomh maith. Téigh chuig an leathanach Seirbhísí do Chustaiméirí den láithreán seo chun a thuilleadh eolais a fháil. Tá na sonraí teagmhála is déanaí don Roinn (suímh oifigí, uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist agus ár láithreáin ghréasáin) le fáil sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí chomh maith.


Pasanna do Leanaí
Léigh a thuilleadh faoi riachtanais phas do leanaí anseo – tabhair faoi deara go gcaithfidh a phas féin a bheith ag gach duine, leanaí óga san áireamh, ina lán tíortha.
Read More Here
Imircigh Éireannacha
Léigh a thuilleadh faoin tacaíocht d'imircigh Éireannacha leochaileacha i dtíortha eile.
Read More Here

