Foilseacháin

Tuarascáil an Athbhreithnithe ar Luach ar Airgead Sheirbhís Pasanna na hEireann

Tuarascáil Bhliantúil an Choiste Iniúchta 2008

Cliceáil anseo chun Tuarascáil Bhliantúil an Choiste Iniúchta don bhliain 2008 a rochtain.

Cliceáil anseo chun an Tuarascáil Bhliantúil a fháil as Bearla.

Ráiteas Straitéise 2008-2010

Leagann Ráiteas Straitéise na Roinne Gnóthaí Eachtracha  amach cuspóirí an bheartais eachtraigh, faoi mar atá siad leagtha síos ag an Rialtas is atá le shaothrú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha sa tréimhse 2005-2007.

Cliceáil anseo chun an Ráiteas Straitéise a fháil as Bearla.

Ráiteas Bliantúil Aschuir 2009

Cliceáil anseo chun Ráiteas Bliantúil Aschuir 2009 na Roinne Gnóthaí Eachtracha a rochtain (as berla). (PDF 17kb) 

Tuarascáil Bhliantúil 2008

Tá cuntas sa Tuarascáil Bhliantúil is déanaí (PDF 272kb) de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha faoin dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir le baint amach spriocanna agus cuspóirí an bheartais atá leagtha síos i Ráiteas Straitéise  2008-2010 na Roinne.

Cuntas Achomair ar Éirinn

Tugann an leabhrán ceangailte dar teideal Cuntas Achomair ar Éirinn, léargas ginearálta ar shaol polaitiúil, eacnamaíocht agus cultúrtha na hÉireann.   Cé nach féidir cuntas a thabhairt ar gach gné de shaol na hÉireann ina leithéid d'fhoilseachán gearr tá súil againn go bhfoghlaimeoidh tú roinnt beag faoi Éirinn agus a muintir. 

Deich mbliana de Straitéis na hÁise 1999-2009

Bhí céad chéim na Straitéise ar siúl ó 1999 go 2004.  Osclaíodh misin nua i Shanghai, Singeapór agus Sydney lena linn agus cuireadh leis an bhfoireann atá inár n-ambasáidí i nBéising agus Tokyo.  Tharla méadú suntasach ar na turais ardleibhéil pholaitiúla agus tráchtála a rinneadh ón tír seo chun an réigiún agus ón réigiún go hÉirinn i rith an achair sin.  Cuireadh tús le feachtas feasachta le feabhas a chur lenár dtuiscint in Éirinn ar chultúr gnó na hÁise agus le cur le seasamh na hÉireann san Áise. 

Chaith coiste idir-rannach a raibh Roinn an Taoisigh mar chathaoirleach air roinnt míonna i mbun athbhreithnithe ar thoradh céad chéime na Straitéise agus ag plé tuairimí le haghaidh na céad chéime eile ag deireadh 2009.  Cuireadh toradh a measúnaithe agus a moltaí i dtoll a chéile sa doiciméad 'A decade of the Asia Strategy 1999-2009' (PDF 251kb), a foilsíodh i 2005. 

Nuair a bhí dara céim na Straitéise a leagadh amach coinníodh na heilimintí sin  a raibh rath orthu , lena n-áirítear cláir bhliantúla le haghaidh cuairteanna ardleibhéal, tréimhsí oiliúna le haghaidh oifigigh rialtais agus cuairteanna na meán.  Baineann an dara céim le réimsí mar thurasóireacht, talmhaíocht agus bia, oideachas agus eolaíocht, infheistiú agus nascadh. 

Tá Grúpa Ardleibhéal ceaptha ag an Aire Fiontar, Tráchtála agus Fostaíochta chun maoirsiú a dhéanamh ar cur i bhfeidhm na chéad chéime eile de Straitéis na hÁise.    Tá an grúpa stiúrtha ardleibhéal seo a bunaíodh i 2005 i mbun athbreithnithe i gcónaí ar chur i bhfeidhm na dara céime.  Tá Ard-Rúnaí na Roinne sin ina chathaoirleach ar an nGrúpa agus é ag comhoibriú le hArd-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha.  

Tuarascáil Ghrúpa Straitéis na hÁise

Nuair a d'fhill an Taoiseach óna thuras chun na Síne i 1998 bhunaigh sé grúpa saineolaithe ó na hearnálacha príobháideach agus poiblí chun straitéis a mholadh le feabhas a chur ar ár gcaidreamh eacnamaíoch le hOirthear na hÁise. 

Bhí teachtaireacht neamhbhalbh acu ina dtuarascáil: Ní raibh dóthain ar eolas againn in Éirinn faoin réigiún sin agus ní raibh go leor ar eolas acusan faoi Éirinn le go mbeadh rath ar iarrachtaí ár gcaidreamh eacnamaíoch a fhorbairt.  Rinneadar réimse moltaí a raibh sé d'aidhm acu feabhas a chur ar  an gcaidreamh ar leibhéal oifigiúil, ár n-ionadaíocht sa réigiún a neartú agus feasacht agus chomhthuiscint a spreagadh ar an dá thaobh.

Cuireadh na moltaí sin ar fáil i dtuarascáil dar teideal, A Strategy for Long-Term Development of Foreign Earnings in Asia (PDF 2954kb).

Tuarascáil faoi Fhorbairtí san Aontas Eorpach le linn 2004. 

Bliain mhór stairiúil a bhí ann i 2004 maidir le forbairt institiúideach an Aontais Eorpaigh nuair a tháinig deich mBallstát nua isteach ann agus rinneadh chomhaontú faoi Bhunreacht na hEorpa.  Tá Tuarascáil faoi Fhorbairt san Aontas Eorpach i 2004 le fáil anseo.  (PDF 348kb)

Páipéar Bán faoi Chúnamh na hÉireann

Téacs an Pháipéir Bháin

Tuairisc faoi Phríosúnaigh Éireannacha Thar Lear

Téacs na Tuarascála faoi Phríosúnaithe Éireannacha Thar Lear a d'ullmhaigh Chris Flood don Aire Gnóthaí Eachtracha  (PDF 4126kb)

Tuarascáil ar Athbhreithniú ar an tSaoráid Speisialta Pas do Bhaill an Oireachtais

Tá sé seo le fáil as Béarla agus as Gaeilge.

Barr