Cairt na Seirbhísí Consalachta
Réamhrá leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Dermot Ahern, T.D.
Tá áthas orm Cairt Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha a chur i láthair. Is é cuspóir na Cairte treoir shoiléir a sholáthar maidir leis na seirbhísí a chuireann an Roinn ar fáil do shaoránaigh Éireannacha agus iad ag taisteal thar lear. Cuimsíonn sí eolas so-rochtana freisin ar cé ar chóir dul i dteagmháil leo agus cá háit ar féidir cúnamh consalachta a fháil más gá.
Tá líon na nÉireannach a thaistealaíonn thar lear ag dul i méid i gcónaí. De réir na bhfigiúirí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, rachaidh lucht cónaithe Éireann ar thart is 8 milliún turas thar lear i mbliana. Beidh formhór na dturas sin sábháilte agus saor ó theagmhais agus ní dhéanfaidh daoine teagmháil leis an Roinn ach chun pas nua a fháil, má tá sé de dhíth orthu. Beidh fadhbanna ag mionlach daoine, áfach, agus beidh cúnamh ag teastáil uathu.
Leagann an Chairt seo amach cén tacaíocht atá ar fáil trí mheán
rannóg Consalachta na Roinne agus trí mheán an líonra
Taidhleoireachta agus Consalachta thar lear. Léiríonn sí go soiléir
ár dtiomantas na seirbhísí seo a chur ar fáil ar bhealach tráthúil,
éifeachtach agus déileáil
le cásanna consalachta ar shlí bháúil, ghairmiúil. Cuirimid leas an
tsaoránaigh ag croílár ár ngníomhaíochtaí i gcónaí.
Ag an am céanna, tá an phríomh-fhreagracht as turas sábháilte thar lear a chinntiú ar an saoránach féin. Trí ghnáthstuaim a úsáid agus réamhchúraimí ciallmhara a chur i bhfeidhm, déanfar cinnte go mbeidh formhór mór na dturas thar lear sona, sábháilte. Mar sin, leagann an Chairt amach roinnt treoirlínte faoi na rudaí is féidir le daoine iad a dhéanamh iad féin chun a chinntiú go dtaistealaíonn siad go sábháilte.
Tá an Chairt ina cuid dár dtiomantas leanúnach do chothabháil agus
feabhsú ár seirbhísí don phobal. Áirítear ar ghnéithe tábhachtacha
eile san fheabhsú sin forbairt bhreise
láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Eachtracha, www.dfa.ie, go háirithe an chuid ina
bhfuil Comhairle Taistil; tionscnamh Slán Abhaile a chur i gcrích
chun cur ar chumas daoine a thaistealaíonn thar lear a dturais a
chlárú ar líne; acmhainní consalachta breise a sholáthar do
mhórimeachtaí spóirt thar lear; agus forbairt bhreise ár líonra de
Mhisin Taidhleoireachta agus Consalachta.
Is é cuspóir na dtionscnamh uile seo cur ar chumas dhaoine rochtain níos éasca, níos caoithiúla a fháil ar ár seirbhísí, agus, an rud is tábhachtaí, taisteal go sábháilte. Táim tiomanta d'fheabhas breise a chur ar ár gcóras cosanta consalachta atá den chéad scoth cheana féin chun go gcuirfí an cúram is fearr ar fáil do shaoránaigh na hÉireann.
Tá súil agam go mbeidh an Chairt seo úsáideach agus faisnéiseach duit.
Dermot Ahern, T.D.
An tAire Gnóthaí Eachtracha
Chun téacs iomlán na Cairte a léamh, cliceáil anseo le do thoil.

