AN tAIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA
Gairmréim mar Aire
Ceapadh an tUasal Micheál Martin, TD, mar Aire Gnóthaí Eachtracha i mBealtaine 2008. Roimh an gceapachán seo, bhí an tAire Martin mar Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó Mheán Fómhair 2004 go dtí Bealtaine 2008, Aire Sláinte ó Eanáir 2000 go dtí Meán Fómhair 2004 agus Aire Oideachais agus Eolaíochta ó Mheitheamh 1997 go dtí Eanáir 2000.
Gairmréim Pholaitiúil an Aire Martin
Toghadh an tAire Martin chuig Dáil Éireann do dháilcheantar Chorcaí
Theas-Láir den chéad uair i 1989.
Tá sé ina iar-chathaoirleach de Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an nGaeilge (agus tá Gaeilge líofa aige); ina iar-bhall de Choiste na Dála ar Choiriúlacht agus ina iar-bhall de Choiste na Dála ar Airgeadas agus Gnóthaí Ginearálta. Bhí sé mar urlabhraí an fhreasúra ar an Oideachas agus an Ghaeltacht ó 1995 go dtí 1997.
Ceapadh an tAire chuig Bardas Chorcaí den chéad uair i 1985 agus toghadh mar Bhardasach é i 1991. Bhí sé mar Ard-Mhéara ar Chorcaigh ó 1992-93. Sular ceapadh é mar Aire Rialtais, bhí an tAire Martin mar bhall de réimse leathan coistí oideachais, pobail agus áitiúla, lena n-áirítear Coiste Gairmoideachais Chorcaí agus Bord Bainistíochta Choláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá an tAire Martin ina bhall den pháirtí Fianna Fáil atá ar an bpáirtí polaitiúil is mó sa tír. Bhí an tAire ina Chathaoirleach Náisiúnta ar Ógra Fhianna Fáil cheana agus chomh maith leis sin bhí sé ina bhall den Choimisiún um Aidhmeanna agus Struchtúir taobh istigh den Pháirtí.
An tAire Martin - Próifíl Phearsanta
Rugadh an tAire Martin i gCathair Chorcaí (an dara cathair in Éirinn) ar chósta theas na hÉireann i 1960. Tá sé pósta le Mary O'Shea agus tá ceathrar páistí acu.
Tháinig an Aire amach as Coláiste na hOllscoile Corcaigh le MA i Stair Pholaitiúil. Roimh dó tosú ag obair sa saol poiblí ar bhunús gairme, bhí an tAire Martin ina mhúinteoir dara leibhéal.
Seol ríomhphost chuig an Aire Martin anseo.
Barr


