Eolas Dlíthiúil

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá á léiriú ar an láithreán seo faoi réir cóipchirt Rialtais, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000.  Féadfar an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó chuig printéir le haghaidh úsáide pearsanta amháin.  I gcás ina mbítear ag eisiúint an ábhair seo do dhaoine eile, ní mór an foinse (lena n-áirítear URL) agus an stádas cóipchirt a lua agus a aithint.

Maidir leis an gcead le hábhar cóipchirt Rialtais a atáirgeadh, ní chlúdaíonn sé aon ábhar ar an láithreán seo arbh fhéidir gur maoin í de chuid tríú páirtí.  Ní mór an t-údarú chun an t-ábhar sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Séanadh

Tá ábhar na leathanach seo á sholáthar mar threoir faisnéise amháin.  Tá sé ceaptha cur le rochtain an phobail ar eolas nó faisnéis faoin Rialtas agus faoina chuid Ranna.  Cé go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfuil ceangal ag na leathanaigh seo leo.

Cé go ndéantar gach dícheall d'fhonn iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní fhéadfar glacadh leis sin mar dhearbhú i leith na láithreán sin.

Príobháideacht

Tugann an Roinn Gnóthaí Eachtracha urraim do chearta a cuid úsáideoirí agus, tríd is tríd, ní bhailíonn sí eolas nó faisnéis phearsanta de chineál ar bith.  Nuair a chuireann úsáideoir eolas pearsanta ar fáil ar bhonn saorálach trí chlárú taistealaí, creidiúnú meáin nó foirm "téigh i dteagmháil linn", is chun críocha taighde nó anailíse amháin a bhainfear úsáid as agus ní thugtar d'aon pháirtí eile é, seachas nuair a chuirtear eolas ar fáil chun úsáid a bhaint as chun cabhair éigeandála a chur ar fáil do shaoránaigh Éireannacha thar sáile. 

I gcás gnáthbhrabhsála gréasáin ní dhéantar aon eolas pearsanta a nochtadh dúinn, cé go mbíonn eolas staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. Is féidir go mbeadh seoladh loighciúil d'fhreastalaí, an t-ainm fearainn uasleibhéil óna mbíonn teacht agat ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.), an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat, an dáta agus an t-am a dtagann tú ar ár láithreán agus an seoladh idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár láithreán ar chuid den eolas seo.

Baintear úsáid as cuid den eolas sin thuas chun staitisticí achoimre a chruthú lena bhfágtar an deis againn teacht ar an líon cuairteoirí ar ár láithreán, agus na leathanaigh sin is minice a dhírítear orthu a aithint. Usáidimid na staitisticí seo le cuidiú linn ár láithreán a dhéanamh níos furasta a úsáid.

Barr

Nithe Gaolmhara

Naisc Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Ailt Ghaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.

Cáipéisí Gaolmhara

Níl aon naisc le taispeáint faoi láthair.
Barr